Tá an chéad bheart de threalamh cosanta pearsanta (PPE) i gcoinne víreas an Covid 19 tagtha ón tSín inniu.

Tá sé ar bord eitilt speisialta (EI9019)de chuid Aer Lingus a thuirling in Aerfort Bhaile Átha Cliath níos túisce tráthnóna.

Dáilfear amach ó anocht an trealamh seo ar oibrithe atá ag obair sa chóras sláinte anseo.

Mascanna,miotóga,gúnaí agus clipeid a chosnaíonn na súile, cuide den ábhar atá sa bheartán seo.

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Simon Harris, agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) go bhfuil ganntan mór domhanda ann maidir leis an trealamh seo.

Breis is €200m atá caite ag an Roinn Sláinte chun soláthairtí dá léithid a fháil ón tSín, agus tá tuilleadh beartáin ar an mbealach as Beijing.

Beagnach an ceathrú cuid de dhaoine atá buailte (445) ag an víreas corónach seo in Éirinn, is oibrithe sláinte iad atá ag déileáil le hothair a bhfuil an aicíd tolgtha acu.

Trealamh PPE tagtha chomh fada le hAerfort Bhaile Átha Cliath

36 duine atá básaithe i bPoblacht na hÉireann anois de bharr Covid 19.