Tá ordú do gach duine fanacht sa bhaile ar feadh coicíse, go dtí Domhnach Cásca, an 12ú Aibreáin i bhfeidhm ar fud na tíre ó mheán oíche aréir. 

Tugadh na srianta nua isteach mar chuid do na hiarrachtaí atá ar bun chun dul i ngleic le géarchéim an choróinvírís sa tír. 

Tá cead ag daoine an teach a fhágáil ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • chun dul ag obair (obair riachtanach)
  • chun bia a cheannach
  • chun freastal ar choinní leighis
  • cúram do leanaí nó do dhaoine aosta
  • chun aclaíocht a dhéanamh taobh istigh do 2 chiliméadar den teach

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar aréir go raibh freagracht ar gach duine sa tír cloí leis na srianta seo agus fanacht sa bhaile mar chuid d'iarrachtaí na tíre dul i ngleic le géarchéim Covid 19. 

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan go raibh sé mar aidhm ag na beartais an víreas a thiomáint amach as na pobail agus isteach i dteaghlaigh áit gur féidir an víreas a choiméad faoi smacht níos fearr. 

Bhí 71 duine le Covid 19 in aonaid dianchuraim na tíre inné agus bhí imní mhór léirithe maidir leis an ardú suntasach a tháinig ar líon na ndaoine sin. Dúradh go raibh an cinneadh chun srianta níos déine a chur a i bhfeidhm bunaithe cuid mhaith ar na figiúirí sin a bheith ag dul in airde.