Tá breis is 566,000 cás ar fad den coróinvíreas deimhnithe anois ar fud an domhain agus tá breis is 25,000 duine tar éis bháis leis an víreas ar fud na cruinne go dtí seo.

San Iodáil, tá 919 tar éis bháis in aon lá amháin, an líon is airde go dtí seo sa tír. Tá breis is 8,000 duine tar éis bháis san iomlán ann agus tá an víreas ar suas le 80,000 duine san Iodáil.

Tá dochtúirí ó Airm na Rúise tosnaithe i mbun oibre i Bergamo san Iodáil agus foláirimh tugtha ag Institiúid Sláinte na tíre sin nach bhfuil a bhuaicphointe sroiste ag an víreas san Iodáil go fóill.

Sa Spáinn, tá os cionn 1,200 othar in aonaid dianchúraim agus ardú mór tagtha ar líon na marbh ón gcoróinvíreas sa tír sin le lá anuas. D'fhógair na húdarais go bhfuair 769 duine bás leis an víreas le lá anuas, an líon is airde in aon lá amháin sa Spáinn go dtí seo. San iomlán, tá os cionn 4,800 duine tar éis bháis sa Spáinn leis an galar agus an víreas ar os cionn 64,000 duine sa tír anois.

Is in olcas a rachaigh cúrsaí go fóill sa Fhrainc a deir dochtúirí ansin agus os cionn 1,300 duine tar éis bháis le Covid19 sa tír.