Tá foláireamh tugtha ag an dTaoiseach go bhféadfadh aonaid dianchúraim na tíre a bheith lán taobh istigh do roinnt laethanta.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh imní maidir leis an líon ard daoine atá ag dul isteach sna haonaid dianchúraim le Covid 19 agus go raibh iarrachtaí  nach bhfachtas riamh ar bun ag seirbhísí sláinte na tíre. 

Dúirt sé go ndéanfaí aon chinneadh maidir le tuilleadh srianta a chur i bhfeidhm bunaithe ar chomhairle ó na hoifigigh sláinte poiblí.

Thug an Taoiseach go mbeadh iontas air muna bhfaigheann tuairim is 1,000 bás in Éirinn le Covid 19 faoi dheireadh na géarchéime. 

Dúirt an Taoiseach go raibh sé ag cuimhneamh ar an deichniúr a bhásaigh inné agus thug sé foláireamh go dtiocfaidh ardú suntasach ar líon na marbh sa chéad mhí eile.