Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go n-íocfar ábhair altraí as a gcuid oibre le linn ghéarchéim an choróinvíris. 

D'fhógair an tAire Harris go dtairgfear conarthaí oibre mar chúntóirí sláinte d'altraí agus do mhná cabhrach atá faoi oiliúint.

Is féidir leo cur isteach ar na conarthaí seo ar shuíomh idirlín Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt Simon Harris gur tairiscint atá anseo agus nach bhfuil sé de dhualgas ar mhic léinn cur isteach ar na conarthaí.

Tá ceannasaíocht iontach léirithe ag lucht leighis na tíre seo, a dúirt sé agus déanfaidh sé féin a mhíle dícheall le tacú leo.