Tá 32 cás nua den ghalar Covid-19 sa Tuaisceart agus tá triúr eile básaithe dá bharr. 

Fágann sin go bhfuil 241 cás ó thuaidh agus go bhfuil deichniúr san iomlán básaithe leis an donacht. 

Tá tástáil déanta ar 3,716 duine sa Tuaisceart. 

Tá 655 duine básaithe le Covid-19 sa Spáinn le ceithre huaire fichead.

Fágann sin go bhfuil beagnach 4,100 duine básaithe sa tír sin leis an aicíd.

Tá an coróinvíreas tolgtha ag beagnach 70,000 duine i Meiriceá. Sin ardú os cionn 10,000 in aon lá amháin.

I Nua-Eabhrac atá os cionn 32,000 de na daoine a bhfuil sé orthu.

Seachas an tSín agus an Iodáil, is i Meiriceá atá an líon is mó cásanna de Covid-19.

Caithfear vóta i dTeach na nIonadaithe amárach ar an bpacáiste tarrthála $2 thrilliún ar glacadh leis sa Seanad arú aréir.