Deir na Gardaí go bhfuil fear a ghabh siad faoi bhás mná ar fritheadh a corp i gCill Chainnigh inné á cheistiú anois acu faoi dhúnmharú. 

Tá scrúdú teicniúil déanta ag na Gardaí ar theach gar do Shráid Mhaidilín i lár na cathrach ina bhfuarthas corp na mná tráthnóna inné. 

Dúirt muintir na háite gurb í Anne Butler an bhean a maraíodh agus go raibh sí 71 bliain d'aois. 

Níos túisce, dúirt na Gardaí nach bhfuil a fhios fós céard ba thrúig bháis don bhean. 

Gabhadh an fear atá amach sna fichidí gar don láthair agus tá sé á cheistiú i stáisiún Gardaí Chill Chainnigh.