Maraíodh beirt fhear de bharr dóiteáin a tharla i dteach i gCeannanas, Co na Mí, go moch ar maidin inniu.

Tharla an dóiteán sa teach i gClós an Draighin ar an mbaile ag thart ar 3 a chlog ar maidin.

Tuigtear gur os cionn 40 bliain d'aois a bhí duine de na fir a maraíodh agus go raibh an duine eile os cionn 50 bliain. Bhí cónaí ar dhuine acu sa teach agus b'as an Uaimh an fear eile. 

Níor bhain aon ghortú d'fhear eile ná do bhean a bhí sa teach freisin.

Deir na Gardaí nach bhfuil a fhios acu fós cén chaoi ar thosaigh an dóiteán agus go bhfuil siad ag iarraidh labhairt le roinnt daoine a bhí sa teach aréir.