Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfágann na hullmhúcháin a bhí déanta roimhe seo d'imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach go bhfuil Éire in ann dul i ngleic níos fearr anois le géarchéim an choróinvíris.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Taoiseach nach féidir an víreas a stopadh faoi láthair ach gur féidir laghdú a chur ar a scaipeadh má thugann gach aon duine aird ar na rialacha.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go gcaithfear gach iarracht a dhéanamh le cinntiú go mbeidh éide agus trealamh sábháilteachta ag lucht leighis agus ag daoine atá ag fóirithint orthu siúd a bhfuil an galar Covid-19 orthu. 

Tá an Dáil tagtha le chéile inniu le reachtaíocht bhreise a thabhairt isteach a fhéachfas le hiarmhairtí na géarchéime a mhaolú. 

I measc rudaí eile, tá sé i gceist cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine a bhfuil tithe agus árasáin ar cíos acu agus ligean do bhialanna seirbhís a chur ar fáil ina mbeidh daoine in ann bia a ordú agus a phiocadh suas taobh amuigh.

Tá sé socraithe ag na Teachtaí Dála sos a thógáil ón díospóireacht faoin reachtaíocht éigeandála ag 8 a chlog anocht le moladh a thabhairt d'oibrithe sláinte.