Tá os cionn 350 áit chónaithe bhreise le cur ar fáil do dhaoine atá gan dídean i mBaile Átha Cliath mar gheall ar an laghdú atá tagtha ar líon na seomraí atá turasóirí a chur in áirithe.

197 seomra óstáin agus 160 árasán sa chathair atá le cur ar fáil.

Tá na Gardaí le caipíní a fháil a chlúdaíonn cuid dá n-éadain le hiad a chosaint ar an gcoróinvíreas.

Gabhadh duine i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge an tseachtain seo nuair a thosaigh siad ag casacht agus Gardaí ag iarraidh an ruaig a chur ar ógánaigh a bhí bailithe le chéile. Caitheadh smugairle le Garda freisin.

Tá na mílte de na caipíní cosanta seo ordaithe ag na Gardaí.

Tá oibrí cúram sláinte i mBaile Átha Cliath ar caitheadh smugairle léi chomh maith ag fanacht amach ó dhaoine eile ó fuarthas amach go bhfuil an coróinvíreas ar an té a d'ionsaigh í.