Tá Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, nó Concos, ag iarraidh soiléiriú a fháil ó Roinn na Gaeltachta sna laethanta atá romhainn maidir le reáchtáil na gcoláistí i mbliana.

Tá imní agus éiginnteacht an mbeidh siad ann an samhradh seo de bharr Covid -19.

Gné láidir de shaol na bpobal Gaeltachta is ea tionscal na gcoláistí samhraidh agus buille mór a bheadh ann dá gcuirfí ar ceal iad.

Cheana féin, tá cúrsaí na bhfoghlaimeoirí tríú leibhéal don Cháisc agus do Bhealtaine curtha ar athló.

Tá éiginnteacht anois faoi chúrsaí an tsamhraidh agus teacht na ndaltaí meánscoile do chúrsaí an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa.

Tá neart daoine á gcúiteamh faoi láthair de bharr chailliúint ioncaim i bhfianaise Covid 19, ach ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta in ann a rá le Nuacht RTÉ/TG4 go cinnte fós an mbeadh aon chúnamh airgid le fáil ag teaghlaigh a bhuailfí mura mbeadh aon daltaí acu ar lóistín do na coláistí samhraidh.

Phléigh Concos an scéal achrannach seo ar maidin inniu.

Shocraigh siad labhairt le Roinn na Gaeltachta faoi, agus tá súil anois aige go mbeidh soiléiriú agus cinnteacht acu faoin tseachtain seo chugainn ar a dheireanaí maidir lena bhfuil i ndán do na coláistí an samhradh seo.