Tá beartais fógartha ag an Aire Iascaireachta Michael Creed chun dul i ngleic leis an imní atá ar iascairí sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra faoi scaipeadh an ghalair Covid-19 nuair a thagann báid iascaigh ón iasacht agus a gcriúanna i dtír.

Tiocfaidh na báid i dtír ag paiste ar leith den ché as seo amach.

Déanfar cúram den lastas agus de riachtanais na dtrálaer ar an bpaiste sin amháin.

Cuirfidh siopaí áitiúla soláthairtí riachtanacha ar fáil do na criúanna agus beidh áiseanna níocháin agus glantacháin ar fáil dóibh agus do lucht leoraithe araon.

Níos túisce inniu, cháin seacht n-eagraíocht iascaireachta na hagóidí a bhí ar bun ag iascairí sa Daingean agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra.

Bhí na hiascairí ag cur bac ar bháid ón iasacht a bhí ag iarraidh ládálacha éisc a chur i dtír ar na céanna mar gheall ar imní a dúirt siad faoi scaipeadh an ghalair Covid-19 nuair a théann criúnna na mbád isteach faoi na bailte.