Dearbhaíodh tráthnóna go bhfuil 37 cás nua den ghalar Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil beirt eile tar éis bháis ann dá bharr. Bean 80 bliain d'aois ab ea duine acu. 

209 cás atá deimhnithe sa Tuaisceart anois agus seachtar san iomlán atá básaithe leis an aicíd. 

Tá an eagraíocht cearta daonna Amnesty International ag iarraidh go scaoilfí saor príosúnaigh go luath sa Tuaisceart mar gheall ar an ollráig den choróinvíreas.

Cheana féin, tá roinnt príosúnach a bhfuil comharthaí sóirt an ghalair orthu á gcoinneáil in aonaid leo féin.  

Agus tá 193 oifigeach príosúin ó thuaidh ag fanacht amach ó dhaoine eile mar gheall ar an éigeandáil.

Tá bean óg, Chloe Middleton a bhí 21 bliain d'aois, tar éis bháis i mBuckinghamshire i Sasana le Covid-19. 

Ceaptar gurb í an duine is óige nach raibh aon deacrachtaí eile sláinte aici a bhásaigh sa Bhreatain go dtí seo.

Fógraíodh tráthnóna gur bhásaigh 683 duine eile san Iodáil le Covid-19 le ceithre huaire fichead agus gob bhfuil 5,210 cás nua ann. 7,503 duine atá básaithe dá bharr san Iodáil.