Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil ceist faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta ar láithreacha tógála na tíre i bhfianaise ghéarchéim an choróinvíris agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt air as seo go ceann cúpla lá.

D'fhógair an Rialtas inné go mbeadh cead ag láithreacha tógála fanacht oscailte ainneoin na srianta dochta ar ionaid ghnó eile. 

Mhaígh Leo Varadkar go bhfuil cleachtais sláinte agus sábháilteachta ar láithreacha tógála trí chéile go maith agus go bhféadfaí cuid acu a choinneáil oscailte go fóill. 

Caithfear ina dhiaidh sin féin, a dúirt sé, láithreacha a bhfuil práinn lena gcuid oibre agus gnáthláithreacha tógála a dhealú óna chéile.