Tá gach teach sa tír le leabhrán eolais a fháil faoin ngalar Covid-19.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris go bhfuil ceisteanna a chuirtear go minic faoin aicíd agus na freagraí atá orthu sa leabhrán agus go bhfuil An Post sásta iad a dháileadh saor in aisce.

Sheol an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Harris agus príomhfheidhmeannach An Post David McRedmond an leabhrán ar maidin. 

D'fhógair an aerlíne Alitalia go gcuirfidh siad roinnt eitiltí speisialta ar fáil amárach idir Baile Átha Cliath agus an Róimh do dhaoine atá sáinnithe thar lear mar gheall ar shrianta taistil.

Tabharfar abhaile Éireannaigh atá sáinnithe san Iodáil agus Iodálaigh atá sáinnithe in Éirinn.

Dúirt Alitalia gur ar iarratas na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá siad ag cur na n-eitiltí ar fáil.