D'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar ag preasócáid tráthnóna tuilleadh srianta ar shaol eacnamaíochta agus sóisialta na tíre mar chuid de na dianiarrachtaí dul i dtreis le forleathadh an ghalair Covid-19. 

Dúirt an Taoiseach nach mbeidh cead feasta ag níos mó ná ceathrar teacht le chéile, ach amháin daoine ón teaghlach céanna. D'iarr sé ar dhaoine gan an teach a fhágáil mura bhfuil géarghá leis.

Beidh níos mó Gardaí ar dualgas in áiteanna poiblí le cinntiú go gcloífear leis an ordú seo.

Tá amharclanna, clubanna, ionaid aclaíochta agus siopaí gruagaire le dúnadh ó mheánoíche anocht. Seirbhís-beir-leat amháin a bheas ar fáil ó bhialanna. 

Tá ócáidí spóirt curtha ar ceal, ócáidí nach bhfuil cead isteach ag an bpobal iontu san áireamh. 

Beidh feidhm leis na srianta nua seo agus srianta atá i bhfeidhm cheana féin go dtí Dé Domhnaigh 19 Aibreán. 

Níos túisce inniu, thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios nach n-osclóidh scoileanna na tíre arís Dé Luain seo chugainn. 

D'fhógair an tAire Sláinte Simon Harris go gcuirfear cóir leighis saor in aisce ar othair a bhfuil an galar Covid-19 orthu.

Aon tseirbhís náisiúnta amháin a bheas ann, a dúirt sé, agus ní bheidh aon deighilt idir an tseirbhís phoiblí agus an tseirbhís phríobháideach. 

Fógraíodh freisin go dtabharfar tosaíocht d'oibrithe sláinte, dochtúirí teaghlaigh ina measc, agus daoine á dtástáil don choróinvíreas.

Tá tástálacha ar dhaoine a bhfuil comharthaí sóirt na haicíde orthu le méadú chomh maith.