Rialaigh an Chúirt Uachtarach inniu go gcaithfí cloí leis an téarma príosúin deich mbliana a gearradh ar fhear as a bhean chéile a éigniú sa bhliain 2014.

Bhí an téarma laghdaithe go hocht mbliana go leith ag an gCúirt Achomhairc ach rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh sé seo neamhcheart.

Dúirt an Breitheamh Peter Charleton gur chéas an fear a bhean chéile ina teach cónaithe, áit a raibh sí ceaptha a bheith sábháilte agus gur choinnigh sé in aghaidh a tola í an oíche ar fad.