I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, cúisíodh bean 38 bliain d'aois i ndúnmharú fir a bhásaigh de bharr a sháite in eastát tithíochta Choill Scioból an Bhrúnaigh ar Sheanbhóthar an Náis in iarthar na cathrach ar maidin inné.

Sin í Christina Anderson, máthair triúr clainne, a bhfuil seoladh aici san eastát céanna. 

Dúradh sa chúirt nach ndúirt sí aon ní nuair a cúisíodh í i stáisiún Gardaí Chluain Dolcáin níos luaithe inniu.

Sádh agus maraíodh Gareth Kelly, 39 bliain d'aois, agus é ag iarraidh a charr a thosú san eastát ag thart ar 7 a chlog ar maidin inné. 

Gareth Kelly

Cuireadh siar faoi choinneáil Christina Anderson agus tabharfar os comhair cúirte arís í Dé Céadaoin seo chugainn.

D'ordaigh an Breitheamh Colin Daly sa chúirt inniu go ndéanfaí scrúduithe leighis agus síciatracha ar an gcúisí agus í faoi choinneáil.