Tá sé fógartha ag Cumann Rugbaí na hÉireann go bhfuil an cluiche Sé Náisiún idir Éire agus an Iodáil curtha ar ceal mar gheall ar imní faoi leathadh an choróinvíris. 

Bhí an cluiche le himirt i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn 7 Márta ach cinneadh é a chur ar ceal tar éis cruinniú a bhí ag ionadaithe an Chumainn leis an Aire Sláinte Simon Harris. 

Ní imreofar an cluiche faoi 20 ar an Aoine ná cluiche na mban ar an Domhnach ach an oiread. 

Dúradh go ndéanfar iarracht na cluichí ar fad a imirt uair éigin amach sa bhliain. 

Dúirt Simon Harris gurbh é an cinneadh ceart é an cluiche a chur ar ceal ar mhaithe le sláinte an phobail.

Mhaígh sé go raibh an cruinniú a bhí aige le Cumann Rugbaí na hÉireann ar fheabhas agus ghlac sé leis go mbeadh díomá ar go leor de lucht leanúna an rugbaí.