Tá sé ráite ag oifigeach sinsearach san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil go leor tíortha réitithe le cosc a chur ar leathadh an choróinvíris.

Tá sé deimhnithe go bhfuil cásanna den víreas anois san Ostair, sa Chróit agus san Eilvéis. Tuigtear gur leath an víreas go dtí na tíortha sin ón Iodáil.

Níl aon chás deimhnithe in Éirinn go dtí seo. 

Tá sé molta do scoláirí i roinnt scoileanna i gCorcaigh, i bPort Láirge, i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath atá tar éis a bheith ar thurais scoile san Iodáil fanacht sa bhaile má bhíonn siad múisiamach.

Tá scolairí in dhá scoil i nDún na nGall a bhí ar thurais san Iodáil freisin le fanacht sa bhaile as seo go ceann roinnt laethanta ar fhaitíos na bhfaitíos.

Óstán Adeje, Tenerife

Sna hOileáin Chanáracha, tá roinnt turasóirí as an tír seo i measc na gcéadta atá coinnithe in óstán i dTenerife, mar a bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag daoine eile atá ag fanacht san óstán.

Dochtúir Iodálach agus a bhean a tholg ar dtús é ach tuairiscítear go bhfuil sé ar bheirt Iodálach eile a chuaigh anonn in éineacht leis an lánúin.

Dúirt Aire Sláinte na Spáinne Salvador Illa go bhféadfadh na turasóirí a bheith roinnt mhaith laethanta coinnithe san óstán.

Tá sé fógartha ag an óstán nach mbeidh siad ag glacadh le haon turasóirí nua go dtí lár na míosa seo chugainn.