Tá an comhlacht creidmheasa Mastercard le 1,500 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath as seo go ceann cúig bliana.

Tá an comhlacht le mol nua teicneolaíochta a bhunú in ionad nua i mBaile na Lobhar. 

Tá ionad ag Mastercard i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2008 agus bhunaigh siad ionad taighde agus forbartha ansin in 2012. 

Tá 650 duine fostaithe acu faoi láthair agus 2,150 a bheas ag obair dóibh nuair a bheas an próiseas earcaíochta is deireanaí seo críochnaithe i gceann cúig bliana. 

Tá an tÚdarás Forbartha Tionscal ag tacú leis an togra.