Tá ráiteas eisithe ag grúpa daoine cáiliúla sa Bhriotáin ina maíonn siad go bhfuil "Plean Marshall" ag teastáil chun an Bhriotáinis a thabhairt slán. 

Faoi Phlean Marshall, a tionscnaíodh sa bhliain 1948, chuir na Meiriceánaigh os cionn $12 billiún ar fáil do thíortha in iarthar na hEorpa a bhí scriosta ag an gcogadh. Sin cothrom le $100 billiún sa lá atá inniu ann. 

Deir an grúpa acadóirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí - 70 san iomlán, agus na ceoltóirí cáiliúla Tri Yann ina measc - gur léir go bhfuil an Bhriotáinis i mbaol báis go luath agus gur fógra rabhaidh atá sa ráiteas atá eisithe acu. 

Deir Paolig Combot ón ngrúpa teanga agus cultúir Ar Falz-Skol Vreizh más maith gur mithid a leithéid de ráiteas agus go léiríonn sé nach "teanga na náire" í an Bhriotáinis níos mó. 

"Má tá na Briotánaigh le maireachtáil, caithfidh siad a bheith éagsúil (le cainteoirí Fraincise)," a deir sé. 

De réir staidéir amháin, tá 207,000 cainteoir dúchais Briotáinise ann ach tá 80% díobh os cionn trí scór bliain d'aois. Ní labhraíonn ach fíorbheagán díobh an teanga gach lá, áfach. 

Maíonn Paolig Combot gur cosúil nach mbeidh fanta faoi cheann fiche bliain ach thart ar 40,000 cainteoir dúchais. Dar leis gur buille an bháis a bheas ann nuair a bheas an líon cainteoirí tite faoi bhun 40,000. 

Deir an comharghrúpa gur údar díomá é nach bhfuil ach 19,000 dalta ag freastal ar scoileanna dátheangacha sa Bhriotáin. Is ionann sin, a deir siad, agus 3% de dhaltaí an réigiúin i gcomparáid le 45% de dhaltaí Thír na mBascach a théann chuig scoileanna dátheangacha. 

Brezhoneg yezh ar skolaj (Briotáinis teanga na scoile)

Deir siad nach gcaitear ach 1% de bhuiséad réigiún na Briotáine ar chúrsaí teanga agus gur 10% ar a laghad atá ag teastáil.

Deir siad gur iarr siad cruinniú ar Uachtarán Chomhairle Réigiúnach na Briotáine, Loïg Chesnais-Girard, lena n-imní a chur in iúl dó faoi seo ach gur dhiúltaigh sé bualadh leo. 

Níl an Bhriotáinis ar fáil ar an aip foghlama teanga Duolingo faoi láthair, ach tá aip dá chuid féin cruthaithe ag Paolig Combot. Kwizh Brezhoneg an t-ainm atá air agus is féidir é a íoslódáil ar Google Play. 

Tá an rapálaí Briotáinise Krismenn i measc na n-ealaíontóirí a shínigh an ráiteas: