Bhí cruinniú ag Sinn Féin leis an Ard-Runaí i Roinn an Taoisigh inniu mar chuid d'iarrachtaí an pháirtí clár rialtais a chur i dtoll chéile.

Tá sé i gceist ag Sinn Féin freisin, a dúirt siad, cruinnithe a bheith acu amárach le hionadaithe ó pháirtithe beaga agus ó lucht neamhspleách.

Tá an Dáil le teacht le chéile Déardaoin ach dealraíonn sé, ainneoin na gcruinnithe seo ar fad, nach mbunófar rialtas nua go ceann roinnt seachtainí eile.

Ar maidin, chuir na Daonlathaithe Sóisialta cruinniú a bhí beartaithe acu le Fine Gael ar ceal mar gheall, dar leo, nach raibh i gceist ag Fine Gael ach cur i gcéill. 

Deimhníodh inniu freisin gur beirt iarrthóirí - Alan Kelly agus Aodhán Ó Ríordáin - a bheas san iomaíocht do cheannaireacht an pháirtí tar éis do Brendan Howlin a fhógairt an tseachtain seo caite go raibh sé ag éirí as..