I gCúirt Chuarda na Gaillimhe, fuarthas neamhchiontach ceathrar fear a bhí cúisithe i mbaint mhóna go mídhleathach i ndeisceart an chontae sa bhliain 2012. 

Sular cuireadh tús le triail an cheathrair ar maidin, dúirt abhcóide an Stáit nach mbeifí in ann finnéithe a chur chun cinn, finné tábhachtach amháin go háirithe a dúradh nach raibh ar fáil. 

Dá bharr sin, d'ordaigh an Breitheamh Rory McCabe don ghiúiré an ceathrar - Anthony Porter, Patrick McDonagh, Michael D'Arcy agus Pádraic Byrne - a fháil neamhchiontach. 

Léirsigh grúpa tacaíochta lasmuigh de Theach na Cúirte i nGaillimh tráthnóna agus fearg orthu go raibh na fir le cur ar a dtriail faoi mhóin a bhaint. 

I ndiaidh na héisteachta inniu, dúirt duine den cheathrar Michael D'Arcy go raibh áthas air go raibh an cás thart agus gur lá iontach do mhuintir na tuaithe a bhí ann.

Dúirt an Teachta Dála tofa Michael Fitzmaurice gur chóir cásanna mar seo a réiteach gan dul i muinín an dlí.