Tuigtear go bhfuil thart ar dheichniúr Éireannach ar dhá bhád cúrsála atá ar coraintín sa chianoirthear mar gheall ar an gcoróinvíreas. 

Tuigtear go bhfuil an córóinvíreas ar bheirt shaoránach de chuid na tíre seo a bhí ar cheann de na báid - an Diamond Princess - amach ón tSeapáin. Deirtear go bhfuil cóir leighis á cur orthu san ospidéal i dTóiceo.

Tuigtear go bhfuil cónaí ar an mbeirt i dtír Eorpach eile seachas in Éirinn. 

Níos túisce inniu, thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh le cúnamh a thabhairt d'Éireannaigh atá sáinnithe ar an dá bhád.

Is iad na báid atá i gceist an Diamond Princess atá ar coraintín amach ó chósta na Seapáine le coicís agus an Westerdam atá sa Chambóid.

Thug oifig gnóthaí eachtracha na Breataine le fios go bhfuil sé i gceist acu 74 saoránach dá gcuid féin atá ar an an Diamond Princess a thabhairt ar eitilt abhaile.

Dúirt na húdarais sláinte sa tSín nach bhfuil os cionn 80% den dream a bhfuil an coróinvíreas tolgtha acu go dona tinn.

Tá an víreas tolgtha ag breis agus 70,000 duine go dtí seo agus tá beagnach 1,900 duine básaithe dá bharr.