Deir Uachtarán Shinn Féin go bhfuil an páirtí meáite air gur féidir 'rialtas nua agus ailtéarnach ar mhaithe le hathrú' a bhunú.

Gabhfaidh siad sa treis ina gcuid comhráití le páirtithe eile agus le neamhspleáigh.

Deir Mary Lou McDonald to raibh bloc ar an eite chlé ann, agus nár mhór a chinntiú go bhféadfaí dul i mbun rialtais mhionlaigh, mar nár theastaigh uathu bheith de shíor ag faire ar uimhreacha.

Leanfar de na cainteanna an tseachtainseo, a dúirt sí, agus i dtreo ábhar mionsonraithe seachas ginearalta a bheadh siad.

Vótáil daoine ar son an pháirtí a chur sa rialtas, a dúirt sí freisin, agus nach bhféadfaí smaoineamh ar Fhine Gael agus Fianna Fáil bheith ar ais i gcumhacht.

Idir an dá linn tá cruinniú ag páirtí pairliminte Fhine Gael inniu.

Cé go bhfuil sé ráite ag baill an pháirtí gur faoi Fhianna Fáíl agus Shinn Feín atá sé dul i mbun rialtais, bhí ceathrar TD chéaduaire nach raibh den tuairim chéanna.

Dúirt Alan Dillion, Emer Higgins, Jennifer Carroll McNeill agus Neale Richmond go bhfuil dualgas ar an FG agus FF teacht le chéile chuige sin.

Ach dúirt Leo Varadkar nach 'ligfidh Fine Gael an Stát síos' ag fágáil an seans ann go mbeadh an páirtí ina pháirtí rialtais arís.

Tá ceist an Cheann Chomhairle ag teacht chun cinn arís, agus toghchán don phost sin le bheith ann Déardaoin.

Tá suim léirithe ag Seán Ó Fearghaíl leanúint sa phost, ach tá Bernard Durkan ó Fhine Gael, comh-cheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Catherine Murphy agus an Neamphsleách Denis Naughten á lua leis freisin.