Deir Príomh-Cheannfort Dhún na nGall, Terry McGinn go bhfuil an druga cócaon ar fáil go forleathan i ngach cuid de Dhún na nGall agus tá daoine ag glacadh an druga anois ar nós gur alcól é, 

Bhí an Príomh-Cheannfort ag labhairt i rith cruinniú Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall i Leifear tráthnóna Dé hAoine.

Dúirt Terry McGinn go bhfuil eolas ag Gardaí faoi imeaglú agus bagairtí atá a ndéanamh ar thuismitheoirí agus ar bhaill teaghlaigh, de bharr go bhfuil fiacha drugaí ar bhall teaghlaigh.

Rinne sí achainí ar dhaoine teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí le cuidiú a fháil.

Tá an chontae ar maos leis an druga cocaine, agus tá go leor tuismitheoirí ag fáil iasachtaí airgid le fiacha drugaí a dteaghlaigh a íoc,  a dúirt sí.

Tháinig méadú le bliain ar líon na ndaoine a tógadh sa chontae maidir le cúrsaí drugaí, méadú ó 273 i 2018 go 457 i 2019.

Dúirt an Príomh-Cheannfort go bhfuil an cócaon a bheith chomh foreathan sa chontae ag cruthú fadhbanna do na Gardaí.

Thug sí le fios go bhfuil Gardaí ag cur dlús lena gcuid oibre ag déanamh tástáil drugaí ar thiománaithe, mar go bhfuil 8 ngléas tástála ar fáil ag Gardaí Dhún na nGall le tástáil a dhéanamh ar thiománaithe ar thaobh an bhóthair.

Rugadh ar 70 duine sa chontae anuraidh ag tiomáint faoi thionchar drugaí, ach le seactaine féín rugadh ar 11 duine ag tiomáint faoi thionchar drugaí.