Tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil saoránaigh ce chuid na hÉireann ar bord an long sa tSeapáin a bhfuil 454 cás den choróinvíreas aimsith uirthi.

Dúírt urlabhraí ar son na Roinne go bhfuil an Roinn ag  breathnú ar 'gach rogha atá ann', agus é ag freagairt ceist faoi na daoine sin a thabhairt den long, an Diamond Princess.

Fuarthas toradh deimhneach ar an tástáil le haghaidh an choróinvíris i gcás 99 duine breise ar an long, de réir fhgiúirí ó Roinn Sláinte na Seapáine, dar leis na meáin chumarsáíde ansiúd ar maidin.

Tá an chéad eitleán,agus saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe ar bord aici, tar eis tuirlingt ag bunáit an Aerfhórsa i gCalifornia.

Coinneofar na paisinéírí ar coraintín ansiúd ar feadh 14 lá.

Tá súil le heitleán eile ag iompar 300 paisinéir eile i dTexas níos deireanaí inniu.

B'éigean 14 díobh sin a chur in áít ar leith ar an eitleán de bharr thástáil dheimhneach le aghaidh an víris díreach sular fhág siad an tSeapáin.