Tá fear, 20 bliain d'aois, atá cúisithe maidir le hiarracht a dhéanamh bean sna seascaidí a fhuadach i mBaile Átha Cliath, curtha siar faoi choinneáil go ceann tréimhse eile.

Lorgaíodh measúnú síceolaíochta ar an bhfear agus tá iarratas ar bhannaí curtha ar athló.

Líomhaítear go ndearna sé bean, 69 bliain d’aois, a bhrú isteach i mbúit ghluaisteáin go moch ar maidin ar 6 Eanáir, ag Ascaill an Chiardhuibh i mBaile Átha Cliath 7.

Gabhadh Martin Gallagher, a bhfuil seoladh aige i mBaile an Hartaigh i mBaile Átha Cliath 15, i dtaca leis an eachtra agus cúisíodh é.

Ní dhearna sé iarratas ar bhannaí agus tógadh os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath é ar 9 Eanáir.

Dúirt sé gur "jóc" a bhí ann, nár éirigh leis.

Bhí sé os comhair na cúirte don tríú huair inniu. Ordaíodh measúnú síceolaíochta air agus beidh sé os comhair na cúirte arís ar 12 Márta.