Tá sé ráite ag Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, gurb í an chomhairle a chuirfeadh sí ar pháirtithe beaga atá i mbun machnaimh faoi dul i mbun comhrialtais le Fine Gael agus Fianna Fáil ná nár chóir dóibh é a dhéanamh.

Dúirt sí go ndéanfadh sé ceap magaidh den phróiséas comhrialtas d'Fhine Gael agus Fhianna Fáil a bheith mar thoradh ar an olltoghchán seo, mar ní léiriú cruinn a bheadh ann ar mhianta an phobail.

Dúirt sí go gcuirfeadh sí glaoch ar cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, inniu chun cinneadh a pháirtí gan dul i mbun cainteanna comhrialtais le Sinn Féin a phlé leis.

Dúirt sí go léiríonn seasamh Fhine Gael agus Fhianna Fáil gan smaoineamh ar Shinn Féin mar pháirtnéirí comhrialtais nach bhfuil meas ag na páirtithe sin ar dhaoine a vótáil ar son Shinn Féin.