An rud is annamh is iontach, a deirtear – agus tá a leithéid le feiscint ar fheirm mhuintir Shiochrú i gCorca Dhuibhne na laethanta seo agus trírín beirthe ag bó. 

Deir saineolaithe gur eachtra fíor-annamh é trí cinn de ghamhna bheith ag bó – bó ins na haon 150,000 bó a luaitear leis an éacht. 

 Luath maidin Dé Domhnaigh a bheir an bhó agus deir Rónán Ó Siochrú nach raibh aon choinne aige le trí cinn de ghamhna. Gamhain tairbh agus dhá cheann baineann a bheir an bhó.

 "Bhí an bhó scanálta againn agus cheapamair gur cúpla a bhí inti. Bheir sí dhá cheann timpeall 1am ach nuair a tháinig mé amach chun iad a sheiceáil arís timpeall 2am, bhí trí cinn de ghamhna ag siúl timpeall. N'fhéadfainn é chreidiúint."

 Tá muintir Shiocrú ar an bhfeirm i mBaile Mhic an Daill le ceithre ghlúin ach n’fheacadar riamh trírín ag bó roimis seo. 

De phór Holstein an bhó agus í sé bliana d’aois. Gamhain singil a bhí aici gach bliain roimis seo. Inseamhnú saorga (A.I.) a chuir na gamhna inti agus anall ó Mheiriceá a tháinig síol an tairbh, gurb ainm dó Mystic, síol a bhí curtha ar fáil ag Worldwide Sires.

 Deir Rónán Ó Siochrú go bhfuil sé i gceist acu na gamhna a choimeád, cé go mbíonn baol ann i gcás tríríní go bhfágtar na cinn bhaineanna seasc.