Shocraigh páirtí parlaiminte Fhianna Fáil ag cruinniú inniu nach rachaidh siad i mbun cainteanna le Sinn Féin maidir le rialtas a bhunú.

I ndiaidh an chruinnithe, dúirt leascheannaire an pháirtí Dara Calleary le Nuacht RTÉ/TG4 gur gheall siad roimh an olltoghchán nach mbunóidís comhrialtas le Sinn Féin agus go bhfuil siad ag seasamh leis an ngeallúint sin anois. 

"Tuigeann muid fearg na ndaoine," a dúirt sé "tá jab le déanamh ag Sinn Féin, tá na vótaí acu, caithfidh siad rialtas ar clé a chur le chéile."

Dúirt Dara Calleary go labhróidh Fianna Fáil leis an gComhaontas Glas, leis na Daonlathaithe Sóisialta agus le Páirtí an Lucht Oibre féachaint an bhféadfaidh siad obair le chéile. Sin an chéad dualgas, a dúirt sé, agus rachfar i gcomhairle arís leis an bpáirtí parlaiminte ina dhiaidh sin. 

Dúirt an ceannaire Micheál Martin ar RTÉ tráthnóna nach réitíonn polasaithe eacnamaíochta Shinn Féin le polsasaithe Fhianna Fáil. Mhaígh sé freisin nach bhféadfaí olltoghchán eile a chur as an áireamh. 

Ar an mbealach isteach sa chruinnú ar maidin, dúirt an Teachta Dála tofa Brendan Smith le Nuacht RTÉ/TG4 gur faoi Shinn Féin atá sé rialtas a bhunú agus gur chóir d'Fhine Gael dul i mbun cainteanna leo. 

Dúirt an Teachta tofa Niall Collins go mbeadh seisean glan i gcoinne comhrialtas le Sinn Féin agus go gcaithfí aon chinneadh críochnúil a dhéanfadh an páirtí parlaiminte a chur faoi bhráid Ardfheis speisialta de thoscairí an pháirtí.

Inniu chomh maith, lean na comhráite idir Shinn Féin agus cuid de na páirtithe beaga - na Daonlathaithe Sóisialta ina measc.

Mary Lou McDonald

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go mbeidh sé dúshlánach gabhlánach rialtas eite clé a bhunú de réir na bhfigiúirí. 

Dúirt sí go raibh sí ar fáil le héisteacht le tuairimí agus moltaí éagsúla::

"Níl aon phráinn leis na cainteanna seo. Tá cúpla seachtain againn machnamh a dhéanamh ar an gceist agus ár n-intinn a dhéanamh suas faoin méid atá i ndán don pháirtí."