Tá fear 52 bliain d'aois tugtha os comhair cúirte sa Tuaisceart inniu agus é cúisithe i ndúnmharú an iriseora Lyra McKee a lámhachadh i nDoire i mí Aibreáin anuraidh.

Chomh maith leis an dúnmharú, cúisíodh Paul McIntyre as Páirc Chionn an Ghabha i nDoire in arm tine a bheith ina sheilbh aige agus rún aige beatha a chur i mbaol. Cuireadh ina leith freisin gur ball d'eagraíocht mhídhleathach é. 

Tharla achrann idir na póilíní agus lucht tacaíochta Paul McIntyre agus an veain príosúin ina raibh sé ag tiomáint isteach i gclós na cúirte. 

Rinne dlíodóir Paul McIntyre iarratas ar bhannaí ach chuir an breitheamh an éisteacht siar go gcloisfeadh sé tuilleadh fianaise ón ionchúiseamh. 

Bhí sé ráite ag a dhlíodóir go bhfuil ganntanas fianaise ag na póilíní agus go bhfuil siad ag brath ar phictiúir de chaighdeán íseal ó theileafóin phóca.

Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil go ceann coicíse.