Tá fear 52 bliain d'aois cúisithe ag na póilíní sa Tuaisceart i ndúnmharú an iriseora Lyra McKee a lámhachadh i nDoire i mí Aibreáin anuraidh. 

Dúirt an grúpa ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee, a bhí 29 bliain, agus gur taisme a bhí ann. 

Gabhadh an fear atá cúisithe inné agus bhí sé á cheistiú ag na póilíní i mBéal Feirte ó shin. 

Chomh maith leis an dúnmharú, tá an fear cúisithe in arm tine a bheith ina sheilbh aige agus rún aige beatha a chur i mbaol. Cuirtear ina leith freisin gur mhaígh sé gur ball d'eagraíocht mhídhleathach é. 

Tabharfar os comhair cúirte amárach é. 

Dúirt ceannfort na bpóilíní gur cor suntasach é seo san fhiosrúchán atá ar bun acu, ach thug sé le fios go bhfuil an fear a scaoil an piléar le Lyra McKee fós le tabhairt chun an dlí.