Tá sé deimhnithe gur i gConnachta a ceannaíodh an ticéad buacach i gcrannchur na EuroMillions. Is fiú €17 milliún an ticéad.

Dúirt urlabhraí ón gCrannchur Náisiúnta gur inné a ceannaíodh é. Níltear ag rá fós cén áit go baileach ar ceannaíodh é.  

Is iad  24, 26, 32, 43 agus 46 na huimhreacha buacacha agus is 06 agus 10 na huimhreacha bónais.

Seo an 15ú pota óir a buadh sa tír seo ó cuireadh tús le crannchur na EuroMillions sa bhliain 2004.

Bhuaigh duine éigin - nó dream éigin - €500,000 i gceann de na crannchuir eile aréir. I gCaisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo, a ceannaíodh an ticéad sin.