Tá Coimisinéir Teanga agus cearta Gaeilge geallta go hoifigiúil ag Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt.

I gcomhráiteas a d'eisigh an bheirt, gheall an Céad-Aire Arlene Foster agus an LeasChéad-Aire Michelle O'Neill go dtabharfar isteach trí phíosa reachtaíochta le hAcht Thuaisceart Éireann 1998 a leasú.

Cuirfear ar ceal an dlí a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna ó thuaidh. Ceapfar Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus tabharfar stádas oifigiúil don Ghaeilge.

Faoin tríú bille, ceapfar Coimisinéir leis an Ultais agus a cultúr a chosaint.