Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin sé bliana - sé mhí de ar fionraí - ar fhear 49 bliain as Baile Átha Cliath as fear eile a mharú i gCrois Araild sa chathair beagnach ceithre bliana ó shin.

Ciontaíodh Jonathan Dargan, teagascóir ealaíon comhraic, i ndúnorgain Patrick Mullally, 56 bliain, tar éis dó pléadáil neamhchiontach ina dhúnmharú. 

Dúradh le linn na trialach go ndearna Patrick Mullally iarracht teacht idir Jonathan Dargan agus a pháirtí a bhí ag argóint ar an tsráid i mí an Mhárta 2016.

Dúradh gur bhuail Jonathan Dargan é, gur thit sé agus gur bhuail sé a cheann in aghaidh an talaimh. Bhásaigh sé san ospidéal ina dhiaidh sin.

Patrick Mullally

Bhí Patrick Mullally tar éis éirí as a phost agus bhí sé amuigh ag ceiliúradh an oíche sin. 

Dúirt an Breitheamh Pauline Codd gur léir go raibh aiféala ar Jonathan Dargan faoina raibh déanta aige.