Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go bhfuil sé i gceist ag a pháirtí na forálacha agus na spriocanna i mBille na dTeangacha Oifigiúla a threisiú má bhíonn siad i gcumhacht. Ag labhairt ag seoladh fhorógra olltoghcháin an pháirtí inniu a bhí sé.

Gheall Micheál Martin go dtabharfadh an páirtí ciorruithe cánach isteach don "ghnáthdhuine," i measc go leor polasaithe eile.

Gheall sé freisin go dtógfaí 50,000 aonad tithíochta sóisialta dá mbeadh Fianna Fáil i gcumhacht.

Mhaígh sé go n-athrófaí aois an phinsin Stáit ar ais arís go dtí 65 bliain. 

Micheál Martin ag seoladh fhorógra Fhianna Fáil inniu

Dúirt sé chomh maith go gcuirfí €60 breise sa tseachtain ar fáil in íocaíochtaí cúraim shláinte agus go n-ardófaí íocaíochtaí saoire máithreachais ó 26 seachtain go dtí 30 seachtain. 

Ag seoladh fhorógra Fhine Gael, dúirt ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar go mbeidís ag iarraidh faoiseamh a thabhairt d'oibrithe ar mheán-ioncaim. 

Gheall sé go gcuirfeadh an páirtí €25 sa tseachtain leis an bpinsean Stáit as seo go ceann cúig bliana. 

Teastaíonn ón bpáirtí 5,000 altra agus 3,840 oibrí sláinte breise a earcú, chomh maith le cúram dochtúra teaghlaigh in aisce a chur ar fáil do dhaoine faoi 18 bliain. 

Ceannaire Fhine Gael, Leo Varadkar, inniu

Tá Fine Gael ag gealladh freisin athrú a chur ar an gcóras cánach agus na scálaí cánach is airde a chur suas go dtí €50,000 do dhuine aonair agus €100,000 do lánúin. 

Deir Fine Gael go gcuirfí leis an gcóras ina dtugtar cúnamh do dhaoine tithe a cheannach den chéad uair.

Thug sé le fios freisin go raibh obair mhór fós le déanamh maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.