Rialaigh an Ard-Chúirt gur féidir tiománaí leoraí as Co an Dúin, a bhfuil dúnorgain 39 imirceach curtha ina leith, a eiseachadadh chun na Breataine.
Cuirtear i leith an tiománaí - Éamon Harrison, 23 bliain d'aois - go raibh baint aige le leantóir cuisnithe inar bhásaigh na himircigh de bhunadh Vítneam a thabhairt isteach sa Bhreatain i mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Líomhnaítear gur thug Éamon Harrison an leantóir go calafort Zeebrugge sa Bheilg sular seoladh ar aghaidh chun na Breataine é.
Fuarthas 39 corp - 31 fear agus ochtar ban - sa leoraí in eastát tionsclaíochta i mbaile Grays in Essex soir ó Londain.
San Ard-Chúirt inniu, dúirt an Breitheamh Donald Binchy nach raibh tada sa reachtaíocht chuí a chuirfeadh cosc ar a eiseachadadh.
Níor ordaigh an breitheamh an t-eiseachadadh inniu le go mbeadh deis ag daoine a rialú a léamh.
Tabharfar Éamon Harrison os comhair na cúirte arís seachtain ón Máirt seo chugainn.