D'éirigh le tumadóirí ón tSeirbhís Chabhlaigh corp a fuarthas ar bhád a chuaigh síos amach ó chósta Loch Garman a thabhairt go barr uisce ar maidin.  

Fuarthas an corp arú inné sa trálaer an Alize a chuaigh síos amach ó Rinn Duáin ag tús na míosa seo agus glactar leis gurb é corp an iascaire Willie Whelan atá ann.

Tá an corp tugtha chun an ospidéil, mar a ndeimhneofar gurb é atá ann.

Tarrtháladh Joe Sinnott, an t-iascaire a bhí in éineacht leis, ach bhásaigh sé go gairid ina dhiaidh sin san ospidéal.