Deir Sinn Féin go gcuirfeadh siad breis airgid i bpócaí oibrithe agus go dtacóidís le teaghlaigh, dá mbéidís i gcumhacht tar éis an olltoghcháin.

Ag preas-ócáid in ard-oifig Shinn Féin, leag Pearse Doherty (iarrthóir an pháirtí i nDún na nGall) amach na tacaíochtaí teaghlaigh a bheadh ar fáil faoi stiúir an pháirtí, dá mbeadh siad i gcumhlacht tar éis an olltoghcháin. 

Dúirt sé nach ngearrfadh Sinn Féin Muirear Sóisialta Uilíoch ar dhaoine atá ag saothrú faoi bhun €30,000 sa bhliain.

€1.2 billún an costas a bheadh leis.  Daoine atá ag saothrú breis is €100,000 euro sa bhliain a bheadh ag íoc as, a deir siad.

Ardódh Sinn Féin ráta cánach na ndaoine sin le 4.5%.

Cheadódh an páirtí scór euro breise do phinsinéirí in aghaidh na seachtaine agus thabharfadh siad rogha do dhaoine dul ar phinean ag aois 65. 

Beagnach billiún euro, costas na mbeartas seo, a bheadh ag teacht ón chiste árachais shóisialaigh, a deir siad.

Seolaodh polasaí churam leanaí an pháirtí i nDarndál i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath tráthnóna.

Dúirt ceannaire an Pháirtí Mary Lou McDonald (atá ag seasamh i mBaile Átha Cliath Láir) go bhfuil sé i gceist ag an bpairtí cúram leanaí poiblí a chur ar fáil do gach uile páiste sa tír, ar íseálchostas, agus go mbeadh breis páigh ar fáil d'oibrithe san earnáil.