Cuireadh an file, údar, aisteoir agus an drámadóir clúiteach Joe Steve Ó Neachtain i gcré na cille i Reilig an Chnoic in Indreabhán inniu tar éis aifreann socraide i Séipéal Naomh Ainnín.

Bhí sé 77 bliain d'aois. I measc a shaothair tá an dráma raidió ''Baile an Droichid'', a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sna hochtóidí, agus an dráma cáiliúil 'Níor mhaith linn do Thrioblóid'.

Chaith sé blianta ag aisteoireacht sa sobaldhráma Ros na Rún chomh maith. B'eisean Peadar Ó Conghaile. 

Cainteoir fileata, urlabhraí deisbhéalach, gníomhaí pobail, gearrscéalaí, gaeilgeoir mórtasach, a bhí dílis dá mhuintir agus dá dhúchas ab ea Joe Steve.

D'fhág sé an scoil in aois a 14 bliain d'aois. Bhí sé ag obair le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le hÚdarás na Gaeltachta agus bhí sé lárnach i bhfeachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta. 

D'fhéadfaí a rá gur trína chuid scríbhneoireachta ina theanga dhúchais is mó a chuimhneofar ar an bhfathach litríochta ón gCré Dhubh i gConamara.

Mheall a shaothar cruthaitheach duaiseanna Oireachtais agus litríochta eile chomh maith le gradam Jacobs.

Ach is beag sin ar fad i gcomparáid le haoibhneas a chomhluadair, an sult a bhaintear as a chnuasaigh litríochta, agus na ceachtanna saoil atá fáiscthe go smior ina chuid sleachta.

Fear teaghlaigh go smior ab ea Joe Steve Ó Neachtain. Maireann a bhean chéile Máirín, a bheirt iníonacha, Luisne agus Aisling, a mhac Páid, a gcéilí siúd, Brian, Máirtín agus Brónagh agus clann a chlainne. 

Bhí an tUachtarán Michael D.Higgins i measc na ndaoine a rinne teachtaireacht comhbhróin  ar bhás an fhile agus an drámadóir.

Seo mar a labhair an tUachtarán Higgins.

'Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón óm' chroí le clann, cairde agus comhghleacaithe Joe Steve Ó Neachtáin a fuair bás inné.

Ba scríbhneoir ildánach, file agus aisteoir den scoth é Joe Steve agus é sáite fad a shaoil ina phobal dúchais – pobal na Gaeltachta i gConamara.

Mar scríbhneoir, aithníodh ardchaighdeán a shaothair trí iliomad gradaim bronnta air toisc áilleacht a dhrámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus a chuid filíochta.

Rinneadh ball d'Aosdána dó toisc an mháistreacht a tháispeáin sé ina cheird. 

Bhí clú air chomh maith de bharr an róil a bhí aige mar aisteoir i Ros na Rún agus toisc a cheannaireacht i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta.

Is cuimhin liom go maith na h-amannta a chaitheas thar na blianta i gcomhluadar Joe Steve agus táim buíoch dó i gcónaí as ucht a dhea-chomhairle, a thacaíocht agus a chairdeas.

Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón inniú lena bhean chéile, Máirín, a bheirt iníon Luisne agus Aisling, agus a mhac Páid agus lena chlann uilig.

Ar dheis Dé go raibh a anam'.