Tá sé geallta  ag Fine Gael go ndúblóidh siad maoiniú Údarás na Gaeltachta má chuirtear i rialtas arís iad, a deir Aire Stáit na Gaeltachta Sean Kyne.

Dúirt Sean Kyne atá ag seasamh i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar go bhfuil an páirtí tiománta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.

Tá timpeall 8,200 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta idir phostanna lánaimseartha agus páirtaimseartha.

Buiséad bliantúil thart ar €10 milliún atá ag an Údarás, thar 50% níos lú ná an buiséad a bhíodh ag an áisíneacht Ghaeltachta 12 bliain ó shin.

Buiséad bliantúil €27 milliún a ceadaíodh don Údarás in 2008 roimh na géarchéime i ngeilleagar na tíre.

Dúirt Sean Kyne go mbeadh Fine Gael  ag díriú ar bhearta do na hoileáin agus go gcuirfí an Plean Náisiúnta Leathanbhanda i bhfeidhm chomh maith.