Tá Gardaí ag fiosrú tuairiscí go bhfuarthas corp sa chuardach don iascaire Willie Whelan atá ar iarraidh ó thús Eanáir.

Tuigtear gur tumadóir sibhialtach atá páirteach sa chuardach a chur an scéal chuig na Gardaí.

Is cosúil go mbeidh roinnt laethanta ann sula mbeidh tumadóirí an chabhlaigh agus tumadóirí ó aonad fo-uisce an Gharda Síochána i ndán dul in aice le raic an trálaeir iascaireachta Alize.

Tá 18 lá caite ó chuaigh Willie Whelan (41) ar iarraidh i ndiaidh don Alize dul go tóin poill naoi muirmhíle ó Rinn Duáin i gcontae Loch Garman.

Is as ceantar Mhuileann an tSáile in aice le Fiodh Ard i Loch Garman do Willie Whelan.

Chuaigh an tralaer iascaireachta go tóin poill nuair a bhí Willie Whelan (41) agus Joe Sinnott (65) ag filleadh abhaile i ndiaidh dóibh a bheith ag iascach muiriní ar an 4 Eanáir.

Fuarthas Joe Sinnott san fharraige agus cailleadh san ospidéal é. Tá Willie Whelan fós ar iarraidh.