Níl Gael Linn leis na táillí ar a gcúrsaí samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall a ardú nuair a fhágfas an Bhreatain an t-Aontas Eorpach ag deireadh na míosa.

Ag labhairt le RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Bainisteoir Réigiúnach Chúige Uladh le Gael Linn go bhfuil amhras orthu faoi láidreacht an sterling in éadan an euro ach go bhfuil sé socruithe ag Gael Linn gan táillí a ardú chun cuidiú le tuismitheoirí ar mhaith leo a bpáistí a chur chun na Gaeltachta.

Thug Gael Linn le fios go bhfuil siad ag glacadh le táillí sna sé chontae i sterling ach go bhfuil a mbillí féin a n-íoc acu i euro.

Tagann formhór na scoláirí Gaeilge ar chúrsaí Ghael Linn i nDún na nGall ó Thuaisceart na hÉireann gach samhraidh.

Beidh dhá chúrsa Gaeilge a reáchtáil ag Gael Linn i mBun an Inbhear, trí chúrsa i Machaire Rabhartaigh chomh maith le dhá chúrsa do dhaoine fásta sna Doirí Beaga an samhradh seo.