Labhair Gardaí i gCorcaigh le beirt fhear faoin ionsaí a rinneadh ar fhear 23 bliain d'aois ar caitheadh peitreal air agus a lasadh trí thine ina theach.

Thug an bheirt fhear iad féin chomh fada le Stáisiún Gardaí Bhaile na mBocht inné, áit a bhfuil Gardaí ag fiosrú an ionsaithe a rinneadh ar an fhear ina theach in Eastát Luaitigh Bhig.

Is as an taobh ó dheas de chathair Chorcaí an bheirt fhear. Níor gabhadh iad. Labhairt siad le Gardaí ar a dtoil féin ar feadh roinnt uaireanta a chloig.

Bhí a fear a hionsaíodh sa teach lena pháirtí óiche Dé Domhnaigh nuair a tháinig tríúr fear isteach sa teach lena ionsaí le barra miotail agus le maiseite sular chaith siad peitreal air agus las siad ina theach é.

Tá an fear go fóill go dona tinn in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.

Tuigtear go bhfuil trí fhear á lorg ag Gardaí. Chuaigh an tríúr isteach sa teach in Eastát Luaitigh Bhig i mBaile na mBocht, áit ar ionsaigh siad an fear sular éalaigh siad.

Tá dhá ghluaisteán á scrúdú ag Gardaí, Ford Mondeo agus veain Citreon Berlingo a fuarthas cóngarach don láthair.

Dúirt Gardaí go bhfuil an bheirt fhear a tháinig chomh fada leo inné ag cuidiú leo lena bhfiosrúchán.