Tá fear 23 bliain d'aois a hionsaíodh, a caitheadh peitreal air agus a lasadh ina theach i gcathair Chorcaí go luath maidin inné go fóill go dona tinn in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.

Tuigtear go bhfuil trí fhear á lorg ag Gardaí. Chuaigh an tríúr isteach sa teach in Eastát Luaitigh Bhig i mBaile na mBocht, áit ar ionsaigh siad an fear sular éalaigh siad.

Tá dhá ghluaisteán á scrúdú ag Gardaí, Ford Mondeo agus veain Citreon Berlingo a fuarthas cóngarach don láthair.

Chuaigh Gardaí ó theach go teach sa cheantar inné ag lorg eolais.

Tá siad ag achainí ar aon nduine a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh leo 021-4558510.