Cuirfear tús inniu le triail táinsimh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump i Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cuirfidh an dá thaobh a gcuid argóintí i láthair an tSeanaid. 

Tá sé a maíomh ag an Pháirtí Daonlathach gur sháraigh Donald Trump mionn a oifige nuair a d'iarr sé cúnamh ón iasacht i dtogchán na huachtaránachta.

Cuirtear ina leith gur iarr sé cúnamh ar an Ucráin le dochar a dhéanamh don iarrthóir Daonlathach Joe Biden.

Tá mac le Joe Biden ag obair do chomhlacht ola san Úcráin. Is de thoradh faisnéise ó sceithire a tháinig eolas faoin ghlaoch teileafóin chun cinn.

Dúirt dlíadóirí an Uachtaráin gur sárú ar an bhunreacht atá sa chás.

Níor cuireadh aon Uachtarán as oifig roimhe mar gheall ar tháinseamh.

I gcás Richard Nixon, d'éirigh sé as oifig sula dtiocfadh é a dhíbirt.

I gcás Andrew Johnson agus Bill Clinton, ciontaíodh iad i dTeach na nIonadaithe ach níor ciontaíodh sa Seanad iad.