Beidh tithíocht, caiteachas poiblí agus cúrsaí talmhaíochta i measc na n-ábhar a mbeidh na hiarrthóirí san olltoghchán ag tarraingt airde orthu inniu.

Léiríonn pobalbhreith Ipsos/MRBI  a choimisnigh The Irish Times go bhfuil Fianna Fáil chun tosaigh ar Fhine Gael: 

  • 25% Fianna Fáil
  • 23% Fine Gael
  • 21% Sinn Féin
  • 8% Comhaontas Glas
  • 5% Páirtí an Lucht Oibre
  • 18% neamhspléachaí agus páirtithe beaga. 

Rinneadh an phobalbhreith Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn seo caite i measc 1,200 duine ag 120 láthair i ngach toghcheantar.

Earráid chéatadánach 2.8% atá ag an phobalbhreith. Tá 18 lá fágtha go lá vótála.