'Tá gá le Acht na dTeangacha Oifigiúla a threisiú'.

Ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin a dúirt an méid sin inniu.

Bhí sé ag labhairt agus é i mbun stocaireachta i Sligeach agus i Liatroim.

Cháin sé ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar ag rá nach raibh sé de cheart aigesan ócáid rialtais a úsáid chun ionsaithe a dhéanamh ar pháirtithe eile.